

Date & Time
Date: 10 November 2017Time: 10:00 - 13:30

Venue
ERNACT EEIG
Áislann Ghaoth Dobhair
Áislann Ghaoth Dobhair
Páirc Gnó Ghaoth Dobhair
Doire Beaga
Co. Dhun na nGall
F92 D60W

Organisation
ERNACT Network
Aim
Description
Cuirfidh
an ceardlann atá saor in aisce agus atá mar pháirt de cheardlanna traenála laistigh
de thionscadal Digiteach Dhún na nGall, faisnéis ar fáil d’Fhiontair Bheaga
agus Mheánmhéide (SME) ar mhargaíocht dhigiteach agus cuirfidh sé uirlisí
úsáideacha ar fáil le hanailís a dhéanamh ar a gcúinsí gnó, a gcustaiméir agus
a margaíocht reatha. Cuideoidh sé fosta le plean margaíochta a fhorbairt a
shásóidh a gcuid riachtanas.
Déanfar SMEnna eolach
de bharr uirlís iontach ábhartha le forbairt a dhéanamh ar a ngnó ar-líne, ar a
dtugtar Anailísíocht Ghréasáin, le
cuidiú leo foghlaim conas a ngníomhaíochtaí ar-líne a bhisiú agus a athchoiriú:
fáil, rátaí comhshó agus coinneáil foirgnimh.
“Cá
háit a bhfoireann na meáin shóisialta do mhargaíocht fhoriomlán / aidhmeanna
díolacháin?”, a cheistíonn an saineolaí margaíochta agus traenálaí ceardlanna, Conor
Boyce. Molann sé 5 nó 6 bhealach le haithne a chur ar éadáil. De réir Boyce, is
é an dóigh is fearr le straitéis dhigiteach a fhorbairt ná “é a choinneáil
simplí, gan rudaí a dhéanamh róchasta. Fios a bheith agat ar do chuid
méadrachta”. Is cinnte gurb é seo an rud a fhoghlaimeoidh tú trí freastal ar an cheardlann
seo .
“Tá Optamú Inneall
Cuardaigh agus na Meáin Shóisialta de dhíth ar gach uile dhuine le bheith
cliste”, a deir an tUasal Boyce. Chun an aidhm seo a bhaint amach, dhéanfaidh
gach rannpháirtí cleachtadh sa rang ar na topaicí seo a leanas:
•
Trí ardchuspóir gnó a aithint
•
Do mhúnla gnó a shainmhíniú
•
Fothacair spriocmhargaí barrmhaitheasa is mó a aithint
•
Foinsí de bhuntáiste iomaíoch a aithint
•
Mapáil persona custaiméir
•
Anailís ar láidreachtaí, lagí, deiseanna agus bagairtí
•
Tuiscint ar do thairiscint luacha
•
Comhshóiteachtaí shuíomh gréasáin Macra agus Micrea a aithint
Eolas ar Conor Boyce
Is
margóir straitéiseach é Boyce atá ag obair i bpostanna bainisteoireachta
sinsearaí le chóir tríocha bliain. Ba é an chéad bhainisteoir margaíochta
díolacháin le Marine Harvest na hÉireann, áit ar chuidigh sé gréasán domhanda
d’allmhaireoirí agus de dháileoirí a bhunú. Bhí sé ag obair fosta le Donegal
Parian China agus bhí sé in Bhainisteoir Ginearálta ar phróiseálaí mór bia
farraige in Iarthar Dhún na nGall.
Éist le Conor ag caint faoin cheardlann.
Cá huair? Beidh an ceardlann a reáchtáil ar an 10ú Samhain
2017, ón 10.00 go dtí 13:30 (tá lón
san áireamhh).
Cá háit? In Áislann Ghaoth Dobhair, Co. Dhún na nGalll.
Clárú: Tá an ceardlann seo saor in aisce. Mar sin féin, tá clárú fíorthábhachtach siocair go bhfuil na háiteanna teoranta. Cuir ríomhphost chuig marion.boyce@ernact.eu nó cuir scairt ar 0749168212.